scoilneasain.ie YouTube Picasa n1 n2 r1 r2 r3 r4 r5 Inis Oírr r6

Wednesday 18 November 2015

Bhí lá iontach againn san Ark i lár na cathrach inniu.  Fuair na páistí léargas spéisiúil ar dhearadh cruthaitheach . Bhreathnaigh siad ar thaispeántas  den scoth a léirigh na  bunphrionsabail a bhaineann le dearadh agus ansin thosaigh siad ag obair i ngrúpaí  thuas staighre san Ark ag úsaid a smaointe fein, péint, bloic priontála agus réimse ábhar eile chun na bunprionsabail seo a chur i bhfeidhm. Fuair paistí Rang 3 an- mholadh ó na teagascóirí agus ealaíontóirí a bhí i gceannas..agus bhaineamar an taitneamh as an gceardlann !