scoilneasain.ie YouTube Picasa n1 n2 r1 r2 r3 r4 r5 Inis Oírr r6

Sunday 20 November 2011

Cuairt go "Dublin Contemporary 2011"

Chuamar ar chuairt go  'Dublin Contemporary 2011' ar Ardán Earlsfort le déanaí.  Bhí an -spraoi againn ag an Taispeántas Ealaíne seo.  Ar dtús chuaigh an foirgnimh féin i bhfeidhm ar na paistí -
".....dorcha .....salach .......cosúil le ospidéal .....an spéisiúl ....dathanna go deas...... sean compordach..... mí -nadurtha .....aisteach- ach thaitin se liom ......an - difriúl ......boladh - níor thaitin sé liom....... thaitin na staighrí liom ..........ní raibh se cosúil le gaillearaí..... foirgneamh an -sean ach ealaín an -nua ...........bhí tú in ann BAC a fheiceáil tríd na fuinneoga..."
Bhí treoraí againn a bhí an - chabhrach agus spreag sé samhlaíocht na bpáistí.  Thaispean se dhá phíosa ealaín dúinn.  Ar dtús chuamar go seomra ina raibh píosa ealaíne déanta le cathaoireacha/scatháin/gloine. Fuaireamar roinnt eolas faoi saol an ealainteora agus na téamaí a bhí i gceist.  Ceard a cheap na páistí  faoin ealaín seo ??
"....dathanna difriúla .......an chraiceáilte .......an- spéisiúl[ ildaite] ......an-deas .....an-difriúl thaitin na málaí lámha déanta as gloine[cosúil le liathróidí dioscó] liom .......an bealach gur chuir sé é le chéile .......saghas aisteach cosúil leis an fógraíocht le haghaidh 11850...... seomra dorcha....."
Agus ar aghaidh linn go seomra eile ina raibh máthar shúigh !!! le dúch ar fud an urláir.  Bhí na paistí an - tógtha le seo ! agus ar ndóigh, ní lia duine ná tuairm !!






".... cheap mé go raibh se beo.......bhí brón orm .......an - mhór .....saghas aisteach-fíor nó bréagach ? .....mór -millteach[thaitin na dathanna liom] .....an dúch- bhreathnaigh se fíor ach déisteannach .....bhí mise píosa scanraithe faoi .......níor thaitin sé liom- cheap mé go raibh sé fíor .....sceitimíní orm nuair a chonaic me é..... thaitin sé liom ......difriúil...."
Agus ansin bhí ceardlann againn thíos staighre len ár treorai [ a bhí ag labhairt píosa  Gaeilge leo faoin am seo !]. Mhol sé na páistí go hárd ó thaobh na smaointe a bhí acu agus cé chomh tapaidh a thosaigh siad ag obair.  Céard a cheap na paistí faoin cheardlann seo ?
".....go leor rogha agat - bhí se sin go deas....... thaitin se liom ........go leor dathanna agus ábhar le haghaidh ealain a dheanamh ......bhí an seomra an deas agus geal .......bhí mé ar mo sháimhín shó leis na piliúir....... bhí mo samhlaíocht ag obair tar eis na seomraí a fheiceáil ...."

 

Monday 3 October 2011

Cuairt Sam !!

Rang 3 ag ceiliúradh le 'Sam' sa chlós